Ár litreacha chuig Daidí na Nollag
Ár gcártaí chuig Báibín Clara
FAOILEÁN FAOILEÁN AR AN TRÁ- Clic ar an teideal chun dul go dtí an amhrán
Faoileán, faoileán ar an trá,
Tá tú uaigneach, cén fáth?
D’imigh, d’imigh, d’imigh
Grá mo chroí,
D’fhág sí mé liom féin
is d'imigh sí.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Ná bí uaigneach mar atá,
Fillfidh, fillfidh, fillfidh
Grá do chroí,
Tuigeann sí go binn
Gur geal leat í.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Seo í do chara, seo í do ghrá,
D’imigh sí thar muir
I bhfad i gcéin;
Ach tháinig sí ar ais
Chuig a grá geal féin.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Tá tú uaigneach, cén fáth?
D’imigh, d’imigh, d’imigh
Grá mo chroí,
D’fhág sí mé liom féin
is d'imigh sí.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Ná bí uaigneach mar atá,
Fillfidh, fillfidh, fillfidh
Grá do chroí,
Tuigeann sí go binn
Gur geal leat í.
Faoileán, faoileán ar an trá,
Seo í do chara, seo í do ghrá,
D’imigh sí thar muir
I bhfad i gcéin;
Ach tháinig sí ar ais
Chuig a grá geal féin.